← Madra rua a thugtaí air, rud a thug le fios go raibh fuinneamh agus beocht ann agus ceapadh gur ón saol eile a fuair sé é. 🔊
← Bhíodh sé i gcónaí lán de chleasaíocht agus bhíodh sé ábalta éalú ón trioblóid ina raibh sé. 🔊
← Tugann sé seo le fios dúinn go gcaithfimid a bheith seiftiúil chun dul tríd an saol. 🔊
← Thug sé faoi deara go raibh poll beag ag bun an dorais. 🔊
← Chrom sé síos ar an talamh agus bhrúigh sé é féin isteach agus ba é a dhícheall é. 🔊
← Thosaigh sé ag marú na gcearc agus á n-ithe agus níor fhág sé oiread is cearc amháin beo. 🔊
← Bhí an scéal go maith ag an madra rua go dtí gur tháinig sé go dtí an doras chun teacht amach. 🔊
← Ní raibh sé ina leithéid de chruachás riamh. 🔊
← D'fhan an madra rua go ciúin socair ansin go dtí gur chuala sé bean an tí ag teacht chun an cró a oscailt maidin lá arna mhárach. 🔊
← Nuair a bhí sí ag oscailt an dorais chaith an madra rua é féin ar an urlár agus shín sé é féin amach díreach mar a bheadh sé marbh. 🔊
← Chomh luath agus a fuair sé é féin ar an talamh, áfach, d'éirigh sé de phreab agus ní dhearna sé stop ná staonadh go dtí go raibh sé saor ó bhaol agus istigh ina phluais féin. 🔊